Sunday 15 January 2012

An tSeanbhean Searbh

Bhíodh scéal ag mo mháthair faoi sheanaintín dá cuid i dTír Chonaill a raibh  de mhí-ádh uirthi cathaoir rotha a úsáid nuair a chaill sí luth na gcos.
Bhí sí sean agus cantalach roimhe sin agus ba sine is ba mhíle uair ní ba chantalaí ina dhiaidh sin í.
Choinníodh sí doras an tí oscailte lá samhraidh is shuíodh sí ina cathaoir rotha ag an tairseach  ag amharc amach agus ag coinneáil súil ghéar ar a comharsana.
Bhí a cuid iníonacha uilig pósta agus ar shiúl ach bhí a haonmhac fágtha sa bhaile lena mháthair. Ní raibh aici ach é mar bhí a fear féin marbh le fada.
Fear dóighiúil lách a bhí sa mhac seo agus ní bhíodh trioblóid ar bith aige bean a fháil am ar bith a mbíodh na cúrsaí sin ar a intinn.

Bhí bean óg sa pharóiste a raibh a croí dóirte ann agus ba mhaith léi riamh seal cainte bheith aici leis. 
Théadh sí siar an bealach achan lá ag dúil le go leagadh sí súil ar a "céadsearc"  agus mura mbíodh sé le feiceáil, d'amharcadh sí isteach sa teach ag dúil le go bhfaigheadh sí spléachadh air.
Ach cé a bhíodh sa teach roimpi de ghnách ach an tseanbhean searbh ...
Agus seo an forrán a chuireadh sí sin ar an bhean óg mura mbíodh a mac ar na gaobhair,

"Is maith an mhaise  duit breathnú isteach mar go deo na ndeor ní bhreathnóidh tú amach  !!!"

Ba mhór an trua í an tseanbhean sin !!!

2 comments:

  1. Ba mhór. Ach is dócha go raibh a tuar cruinn?

    ReplyDelete
  2. Bhí agus níor phós seisean riamh.
    De réir chosúlachta bhí sé féin is an cailín idir dáil agus pósadh níos moille in a saol agus chuir an mháthair ar a mac deireadh a chur leis an chleamhnas.
    Faoin am seo ghlac an cailín cás dlí air mar gur briseadh gealltanais a bhí i gceist.
    Bhí sí ag iompar clainne agus rugadh girseach bheag dí. Í féin agus a deirfiúr a thóg an ghirseach.
    Fuair an tseanbhean bás agus d'imigh mo dhuine go dtí na SA.
    Phill sé ar an bhaile i ndiaidh 10 mbl nó mar sin agus drochthinneas air.
    Nuair a bhí sé san otharlann i dTír Chonaill bhí cuairteoir aige lá amháin ... a nighean féin.
    Thug sí a máthair féin isteach lena fheiceáil tamall ina dhiaidh sin agus rinneadh an tsíocháin eadar an tseanlanúin.
    Nuair a tháinig sé amach as an otharlann is chuig teach na nighne a chuaigh sé agus shuíodh a máthair ar thaobh amháin is a hathair ar an taobh eile den tine ag caint is ag comhrá.
    Seal bliana a mhair sé agus nuair a fuair sé bás, bhí an nighean agus an mháthair beirt croíbhriste le cumha ina dhiaidh. Cuireadh an mháthair san uaigh amháin leis nuair a d'éag sise an bhliain ina dhiaidh sin.

    ReplyDelete