Friday 20 January 2012

An tSeanbhean Bhocht !!

Scéal beag grinn ... Do dhaoine fásta !!!

An Dlíodóir:
Cén aois thú a bhean uasal?

An tseanbhean:
Tá mé 94 bl d'aois.

An Dlíodóir: 
Ar mhiste leat a chur síos dúinn ar ar tharla duit oíche 1 Aibreân i mbliana?

An tseanbhean: 
 Seo an dóigh a raibh sé ! Bhí mé i mo shuí sa phóirse ag cúl an tí an tráthnóna deas earraigh sin nuair a tháinig  glas-stócach aníos as an gharraí a fhad liom. Shuigh sé síos taobh liom.

An Dlíodóir:
An raibh aithne agat ar an stócach seo?

An tseanbhean:
Ní raibh, ach stócach cairdiúil lách galánta a bhí ann cinnte.

An Dlíodóir:
Cad é tharla i ndiaidh dó suí síos?

An tseanbhean: 
Thosaigh sé a stróiceadh na másaí orm.

An Dlíodóir:
Ar chuir tú stad leis?

An tseanbhean: 
Maise, níor chuir.

An Dlíodóir:
Cad chuige sin?

An tseanbhean:
De bhrí gur thaitin sé go mór liom. Níor leag fear ar bith lámh orm ó fuair Liam s'agamsa bás 30 bl ó shin!

An Dlíodóir:
Cad a tharla ansin?

An tseanbhean:
Chuir sé a lámha ar mo bhrollach is ar fhad mo cholainne.

An Dlíodóir:
Ar chuir tú stad leis ansin?

An tseanbhean:
Níor chuir.

An Dlíodóir:
Cad chuige sin?

An tseanbhean: 
Chuir an chuimilt sin brí agus beocht ionam. Is fada an lá ó bhí a leithéid sin de phreabadh i mo chuisle.

An Dlíodóir:
Tuigim. Agus cad a tharla ansin?

An tseanbhean:
Bhuel faoin am sin bhí a oiread sin "díth" orm gur luigh mé síos ar shlat mo dhroma is arsa mise leis "Déan é a stócaigh! Déan anois é!"

An Dlíodóir:
Agus an ndearna sé ansin é?

An tseanbhean:
Faraor ní dhearna. Cha dtearn sé ach scairtigh amach "Amadán an Aibreáin! Hee! Hee!"   
Agus sin an chuige ar scaoil mé marbh é, an bithiúnach bradach. Droch-chríoch air! Foghlaimeoidh sin ceacht dó !!

3 comments:

  1. Ceann maith! Casadh deis san eireaball.

    ReplyDelete
  2. Ní mar a shíltear a bítear ...

    ReplyDelete
  3. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete