An Naprún
Creidim nach bhfuil páistí an lae inniu eolach ar an naprún a bhíodh ag achan bhean tí.
An phríomhchúis a gcaitheadh na mná an naprún ná an chulaith istigh faoi a chosaint agus a choinneáil glan. Is beag culaith a bhíodh ag na mná fadó!
Chomh maith leis sin, b'fhusa naprún ná culaith a ní is a thriomú agus ba lú éadach a bhí de dhíobháil le naprún a dhéanamh.
Chan amháin sin ach bhaineadh na mná feidhm as nuair a bhídís ag tógáil coire nó pota te ón tine ná ón oighean.
B'iontach an gléas é le deora goirt na leanaí a thriomú agus in uairibh ghlanadh máthair cluasa a cuid páistí amach lena naprún nuair a d'fheiceadh sí salachar na sráide ar iostas iontu !
Is minic a bhíodh uibheacha, sicíní fuadracha ná fiú uibheacha leathghortha isteach ina naprún léi ó chró na gcearc. Chuirtí an mhuintir leathghortha sin isteach tamall san oighean te lena dtabhairt chun aibíochta.
Nuair a thigeadh stráinséirí isteach sa chuideachta, ba mhaith an mhaise é foscadh an naprúin a bheith ag leanaí faiteacha an tí le dul i bhfolach ann ...
Agus nuair a bhíodh an aimsir fuar d'fháisceadh Mhóraí (Maimeo) a naprún thart ar a lámha fuara lena dtéamh.
Is minic a bhain na sean-naprúnacha móra sin an t-allas dá clár éadáin agus bean an tí cromtha síos ar a gogaidí os cionn sorn the adhmaid.
Istigh sa naprún sin a d'iompair sí brosna isteach sa chistin ón iothlainn. As an gharraí a cuireadh achan chineál glasraí ann.
Agus nuair a baineadh na faighneoga de na piseanna, thugadh bean an tí na cochaill chaite amach arís ina naprún.
San fhómhar bheireadh sí na húlla a thit anuas ó na crainn isteach sa chistin ina naprún.
Nuair a thagadh cuairteoirí chun tí gan choinne, ní chreidfeá an líon troscáin a nglanadh an naprún sin an dusta de taobh istigh de chúpla soicind.
Nuair a bhí an dinnéar réidh, shiúladh Mhóraí amach an doras, chroitheadh sí a naprún san aer agus thug sin le fios do na fir a bhí ag obair sna cuibhrinn go raibh am dinnéir ann.
Is fada go mbeidh a leithéid arís ann -
Sean-naprún ar bhain na mná a oiread sin feidhme as ar an oiread sin dóigheanna
Cuimhnigh air seo:
Ba ghnách le Mhóraí an t-arán te a fhágáil ar leac na fuinneoige le go bhfuaraíodh sé nuair a thóg sí amach as an oighean é.
Fágann a gariníonacha an t-arán ar leac na fuinneoige le go leáfadh sé nuair a thógtar amach as an reoiteoir é !
Bheadh uafás ar na gariníonacha céanna ag smaoineamh dóibh ar na frídíní uilig ar an sean-naprún céanna!
Chan ábhar aicide a bhí ann dar liomsa, ach cion agus grá .....
Píosa deas. Tá cúpla naprún ag crochadh sa chistin againn ach is annamh in úsáid iad. Ó tháinig ann don inneall níocháin, níl an práinn céanna ag baint leo.
ReplyDeleteSár-chuntas ar shuailcí an tsean-naprúin.
ReplyDeletemaith an bhean!
ReplyDeleteAn gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.
ReplyDeleteiasacht! iasacht! iasacht!
ReplyDeleteAn bhfuil tú ag lorg cuideachta iasachta príobháideach creidiúnaithe agus creidiúnaithe a sholáthraíonn iasachtaí don deis ar feadh an tsaoil. Cuirimid gach cineál iasachtaí ar fáil ar bhealach an-tapa agus éasca, iasachtaí pearsanta, iasachtaí gluaisteán, iasachtaí morgáiste, iasachtaí mac léinn, iasachtaí gnó, iasachtaí infheistíochta, comhdhlúthú fiach agus i bhfad níos mó. An ndearna bainc agus institiúidí airgeadais eile diúltú ort? An bhfuil iasacht comhdhlúthaithe nó morgáiste uait? Ná breathnú níos mó ar nós go bhfuil muid anseo chun rud ar bith a dhéanamh ar an am atá caite. Tugann muid cistí ar iasacht do dhaoine aonair agus do chuideachtaí a dteastaíonn cúnamh airgeadais de réir ráta 2%. Níl aon uimhir leasa shóisialaigh ag teastáil agus ní gá aon seiceáil creidmheasa, 100% a ráthú. Ba mhaith liom an meán seo a úsáid chun a chur in iúl duit go soláthróimid cúnamh iontaofa agus tacaíochta agus beidh áthas orainn iasacht a thairiscint duit.
Ansin, cuir ríomhphost chugainn chuig: (victoriaemmanuelloan@gmail.com) chun iarratas a dhéanamh ar iasacht