Sunday 1 April 2012

Tógáil clainne gan Ghaeilge ... an grá is an crá !

Ar an drochuair níor éirigh liom clann a thógáil le Gaeilge. Cha raibh fadhb ar bith leis an chéad duine clainne a rugadh dúinn breis is 30 bliain ó shin ach nuair a saolaíodh ár nighean 3 bl ina dhiaidh sin, ba léir do na cuairteoirí sláinte go raibh rud éigin ag cur isteach ar luth na héisteachta aici. Bhídís iontach géar san am sin agus ghéill mise don bhrú a chuir bean amháin ach go háirithe orm. Ghlac mé lena comhairlese mar trí bliana roimhe sin chuir sí de stró uirthi féin theacht a fhoghlaim na Gaeilge agamsa nuair a bhí mo mhac 3 mhí d’aois. Chomhairligh sí dúinn gurbh fhéidir go bhfágfaí ár nighean bodhar mura mbeadh na saineolaithe ábalta méid na faidhbe a aimsiú. Ghlac mé leis an Bhéarla sa teach ar mhaithe le sláinte m’iníne. Ag an am sin chonacthas domh gur thábhachtaí sláinte mo linbh thar rud ar bith eile ar an tsaol. Cha dtáinig malartú intinne orm ó shin.
D’imigh sin is tháinig seo. Fuarthas leigheas di agus nuair a tháinig an tríú duine seacht mbliana ina dhiaidh sin (i ndiaidh domh seisear eile a chailleadh), char thábhachtai a dhath ná go bhfanfadh an bhean bheag sin beo gídh nach raibh sí ábalta an bainne a choinneáil istigh mar thoradh ar í bheith iontach tinn.
Char fhoghlaim m’fhear an Ghaeilge ariamh …  níor thit sé riamh i ngrá léi ... agus is minic mé iontach míshásta faoi sin. Ach i ndeireadh na dála tuigim go rímhaith nach mbeadh na Gaeilgeoirí ar fhoghlaim mé an teanga dóibh agus ar spreag mé grá don teangan iontu ann gan mo chéile fanacht sa teach san oíche ag tabhairt aire do na páistí is ag ligint domhsa dul amach a theagasc na Gaeilge le breis is tríocha bliain.
Bíonn a cheol féin ag achan éan !!

6 comments:

  1. Bhuel, a Mháire, seans go mbeidh suim acu inti lá éigin, agus a rogha féin a bheidh ann.
    Thosníos ag foghlaim i dteannta le mo bhean chéile, ach d'éirigh sí as agus tá sí glan in aghaidh a foghlamtha anois, mar tá sí cinnte nach maith léi teangacha eile. A mhalairt scéal agamsa, dar ndóigh. Sin mar a bhíonn. Dúirt mé uair amháin go sílim go bhfuil an teanga seo cosúil leis an sagartóireacht. Tugtar í ó dhuine go duine - gan í a bheith ina hoighreacht. Sea, níl suim ag mo bheirt chlainne fós, ach oiread. Lá éigin, le cúnamh Dé!

    ReplyDelete
  2. Grma ... Sin rud iontach fíor a dúirt tú nach oidhreacht í an Ghaeilge ag gach duine ach rud a thugtar ó dhuine go duine. Tá an t-ádh orainn beirt gur bronnadh orainn í !

    ReplyDelete
  3. @ chonacthas domh gur thábhachtaí sláinte mo linbh thar rud ar bith eile ar an tsaol

    An ceart agat, a Mháire. Mo cheol thú!

    ReplyDelete
    Replies
    1. Míle buíochas a Áine. Is iomaí duine a chuir locht orm de thairbhe an rogha sin. Ach ní bhíonn a fhios ag éinne cad é tá i ndán dó. Tá ár nighean le pósadh i mí Iúil i mbliana ... Tá a cuid éisteachta ar fheabhas gídh go gcoinníonn sí a cuid gruaige fada lena cuid cluas a chlúdach ... ach nach cuma sin ! Bean óg álainn 28 bl d'aois anois í !

      Delete
  4. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete
  5. Roinnim an fhianaise seo le comhpháirtithe atá ag streachailt ina gcaidrimh toisc go bhfuil réiteach marthanach ann. D'fhág m'fhear céile mé féin agus ár mbeirt pháistí le haghaidh bean eile ar feadh 3 bliana. Rinne mé iarracht a bheith láidir do mo pháistí amháin, ach ní raibh mé in ann an phian a bhí cráite mo chroí a rialú. Bhí mé gortaithe agus mearbhall. Bhí cabhair ag teastáil uaim agus mar sin rinne mé roinnt taighde ar an idirlíon agus tháinig mé trasna ar shuíomh Gréasáin áit ar chonaic mé gur féidir leis an Dr. Ellen, a bhfuil litreoir aici, cabhrú leat leannáin a fháil ar ais. Chuaigh mé i dteagmháil léi agus dúirt sí paidir speisialta agus geasa ar mo shon. Is ábhar iontais dom, tar éis 2 lá, d'fhill m'fhear céile abhaile. Mar sin tháinig muid le chéile agus bhí an oiread sin grá, áthas agus síocháin sa teaghlach. Is féidir leat dul i dteagmháil freisin leis an Dr. Ellen, cúntóir réitigh cumhachtach
    1) buaigh ar ais do iar-bhuachaill
    2) Beir fear céile agus bean chéile le chéile
    3) stop a chur le tromluí arís
    4) leigheas luibhe do VEID agus ailse
    5) Fáinne draíochta cumhachtacha
    6) charm ádh
    7) Obsessions Briseadh
    8) Fadhbanna breithe agus toirchis. Déan teagmháil leis trí EMAIL: ellenspellcaster@gmail.com
    Whatsapp +2349074881619

    ReplyDelete