Friday 27 January 2012

Díchuimhne ... Beannachtaí Breithlae

Díchuimhne

Beir mo bheannacht anonn 'na síoraíochta
chuig mo mháthair atá in d'ucht a Thiarna,
mar is mór a áirím uaim inniu í.

Ba í a roinn a dúchas go flaithiúil,
A ciall, a tuigse is a grá go fairsing
Linne, a clann is i measc an phobail.

Cúig bliana is ochtó a bheadh sí inniu
dá mairfeadh sí, ach níorbh 'sin a dán
Meascán mearaí a tháinig i bhfaiteadh na súl
iar fhreagra ar a ceist go raibh sé ar shiúl.

D'fhág an chaill sin a lorg ar intinn mhná
a bhíodh céillí, daingean, láidir.
Aisteach an dóigh ar imigh an chiall
nuair a d'imigh do chéadsearc a stór.

Gan do ghrá geal, do lámh chlé,
níor leor duit do chlann.
Faraor,
Ach ba é sin do dhán.

'do shuí ar mo ghlúin
ag iarraidh scéil ar do mháthair,
gan trácht ar m'athair
ar fhág a bhás cráite thú,

Is mo chroí briste brúite
Lán bróin agus cumhaidhe
I ndiaidh bhur mbeirte.

5 comments:

  1. Suaimhneas síoraí go raibh acu, is faoiseamh agat. D'imigh mo mháthair mór féin an bealach céanna. Doiligh don clann.

    ReplyDelete
  2. maith thú, a Mháire. Agus go ndéana sé maith do do chroí.

    ReplyDelete
  3. Scéal brónach ach grá aoibhinn ag taitneamh tríd. Grma. Bhí "an Breac" le Schubert á chasadh sa chúlra is mé ag léamh an dán - réitíodar go maith lena chéile.

    ReplyDelete
  4. Bhí deora i mo shúile faoin gceathrú véarsa! Dán fíorálainn a Mháire, maith thú.

    ReplyDelete
  5. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete