Monday 23 January 2012

Ar ais arís ar scoil !

Chaith mé breis is tríocha bliain de mo shaol ag teagasc na Gaeilge in ardscoil i gCo an Dúin. Buachaillí sna déaga a bhí agam ó bhí siad bliain déag d'aois go dtí gur bhain siad ocht mbliana déag d'aois amach. Bhíodh corrchailín sna ranganna Ard-Léibhéil ach den chuid a ba mhó ba iad na buachaillí a bhíodh mar chúram orm.
Bhí mo chroí istigh i mo chuid oibre agus nuair a d'éirigh mé as an teagasc sé bliana ó shin d'áirigh mé go mór uaim na stócaigh sin.

Iarradh orm dul i bhfeighil na scrúduithe Boird sa scoil chéanna an mhí seo. Bhí mé measartha néirbhíseach mar thuig mé go raibh mé ar shiúl tamall fada agus bhí imní orm nach mbeadh an chomhbhá chéanna agam leis na páistí agus a bhíodh. Níor chall domh bheith imníoch áfach !
"Háigh Miss ,'dé mar tá tú?"
"Háigh Miss, fáilte ar ais ! "
"Háigh Miss, an mbeidh an rang s'againne agat?"
"Dia duit Miss! Is cuimhin liom nuair a bhí mise chomh beag leatsa ! Fáilte!"

Ach chuir dhá fhorrán go speisialta lúcháir ar leith orm :
"Háigh Miss, chrothnaigh muid thú ó d'imigh tú. Bhuel chrothnaigh muid do chuid scéalta !!" agus 
"Miss, 'bhfuil tusa ceart go leor? D'éirigh tú iontach tanaí!"

A leithéid d'fháilte a chuirtear romham gach lá, cuireann sé gliondar ar mo chroí. Is breá liom a dhírí a bhíonn an taos óg! Ní chuireann siad fiacal ann!

Bíonn thart fá chéad scoláire ag déanamh scrúduithe sa halla mór agam agus ní bhíonn smid astu. Na cailíní nach raibh aithne acu orm nó nach raibh cleachtaithe  liom, ní raibh siad i bhfad ag foghlaim nach nglacaim le hamaidî ar bith a dhéanfadh fáillí i scoláirí eile a bhíonn i mbun scrúdaithe.
Caithfidh mé a admháil gur fearr liom scaifte buachaillí os mo chomhair amach  ná scaifte cailíní. Is taomaí agus is taghdaî iad na mná de ghnách agus bíonn nós ag cuid de na cailíní glacadh le ceartú ar bith go ríphearsanta! Ach tá go leor atá céillí go leor ar ndóigh agus ní miste iad sin !

Beidh mo sháith cumha orm an tseachtain seo chugainn nuair a bheidh deireadh leis an bhabhta seo scrúduithe. Ach beidh mé ar ais arís i mí na Bealtaine go cionn roinnt seachtainí eile is beidh mé ag dúil go mór leis sin.

4 comments:

  1. "Dia duit Miss! Is cuimhin liom nuair a bhí mise chomh beag leatsa ! Fáilte!"
    Sin ceann maith!

    ReplyDelete
  2. is fuath le cuid mhór múinteoirí bheith i bhfeighil scrúduithe, ach níor chuir sé isteach ormsa riamh. is breá liom an ciúnas agus an suaimhneas istigh sa halla mór agus na daltaí i mbun pinn. deir na múinteoirí eile go n-éiríonn sé leadránach i ndiaidh cúpla bomaite, ach beirim píosa páipéir liom i mo phóca agus dán scríofa air, agus bainim triail as an dán a fhoghlaim, líne i ndiaidh líne. déanaim sracfhéachaint ar an dán nuair a bhím ar chúl an halla agus cuirim isteach i mo phoca aríst é sula bhfaigheann duine ar bith amach cad é atá mé ag déanamh!

    ian

    ReplyDelete
  3. Grma. Aontaím leat a Iain. Char chuir an obair sin isteach riamh ormsa ach oiread agus dhéanainn rud cosúil lena dhéanann tú féin leis an am a chur isteach.
    Le CEA agus leis na boird eile bíonn an t-uafás oibre le déanamh ... Chan obair dheacair ach glacann sé neart ama. Ach is deas liom bheith i measc na mbuachaillí arís !

    ReplyDelete
  4. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete