Monday 2 January 2012

As Béal Feirste ó dhúchas mé féin agus tá cónaí orm i Sabhall in aice le Dún Pádraig le fiche bliain.
Ceantar álainn stairiúil inar bhunaigh Naomh Pádraig a chéad eaglais é seo is tá iarsmaí Chill Naoimh Tassach (anamchara Phádraig) taobh linn anseo. Os comhair an tí tá Loch Cuan ag síneadh ó thuaidh i dtreo Bhéal Feirste agus Leithinis na n-Airdí thiar ó thuaidh uainn. Tá an Mhuir Éireannach le feiceáil thiar i dtreo Chríoch Mhanann agus is féidir linn an t-oileán seo a fheiceáil lá nach mbíonn fearthainn ná ceobhrán ann.
Ar chúl an tí tá cnoc mór ar a dtugtar An Caorán Bán ar a bhfuil carn ársa ollmhór ar a bharr.
Tá neart Gaeilge fán dúiche seo agus rugadh an scríbhneoir iomráiteach Gaeilge, Máire Nic Mhaoláin céad slat ó mo theach féin.
Tugtar Ceathrú Uí Chearbhalláin nó Ceathrú Cairlinne ar an bhaile fearainn seo agus Baile an tSléibhe ar an cheann in aice linn. Míle thuas an bóthar tá an sráidbhaile Ráth Cholpa suite agus dá bhfeicfeá an ráth sin !!!
Tá dealbh mhór den naomh clúiteach a bhfuil baint mhór aige leis an cheantar seo ar mhullach an rátha agus bíonn oilithreacht ann achan bhliain. Thig na sluaite ó chian is ó chóngar le haghaidh an Aifrinn a léitear ann.
Idir óg agus aosta, fhir agus mhná, siúlann siad suas an fhána ghéar an triú Domhnach de mhí Mheithimh achan bhliain le hadhradh a dhéanamh agus le cuimhneamh ar Naomh Pádraig.
Ach is léir agus tú ar mhullach an rátha ag amharc uait in achan aird gur mórlonnaíocht de chuid na hIarannaoise a bhí ann ... agus is dóiche go raibh daoine ann níba luaithe ná sin.
Áit iontach ... áit uaigneach ... áit rúndiamhair !!


3 comments:

  1. Ar chúl an tí tá cnoc mór groí ar a dtugtar an Caorán Bán..

    ReplyDelete
  2. I lár na hoíche is an saol 'na luí bíonn taibhsí is púcaí ann !

    ReplyDelete
  3. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete