Monday 21 January 2013

An Naprún


Creidim nach bhfuil páistí an lae inniu eolach ar an naprún a bhíodh ag achan bhean tí.

An phríomhchúis a gcaitheadh na mná an naprún ná an chulaith istigh faoi a chosaint agus a choinneáil glan. Is beag culaith a bhíodh ag na mná fadó!
Chomh maith leis sin, b'fhusa naprún ná culaith a ní is a thriomú agus ba lú éadach a bhí de dhíobháil le naprún a dhéanamh.
Chan amháin sin ach bhaineadh na mná feidhm as nuair a bhídís ag tógáil coire nó pota te ón tine ná ón oighean.

B'iontach an gléas é le deora goirt na leanaí a thriomú agus in uairibh ghlanadh máthair cluasa a cuid páistí amach lena naprún nuair a d'fheiceadh sí salachar na sráide ar iostas iontu !

Is minic a bhíodh uibheacha, sicíní fuadracha ná fiú uibheacha leathghortha isteach ina naprún léi ó chró na gcearc. Chuirtí an mhuintir leathghortha sin isteach tamall san oighean te lena dtabhairt chun aibíochta.

Nuair a thigeadh stráinséirí isteach sa chuideachta, ba mhaith an mhaise é foscadh an naprúin a bheith ag leanaí faiteacha an tí le dul i bhfolach ann ...

Agus nuair a bhíodh an aimsir fuar d'fháisceadh Mhóraí (Maimeo) a naprún thart ar a lámha fuara lena dtéamh.

Is minic a bhain na sean-naprúnacha móra sin an t-allas dá clár éadáin agus bean an tí cromtha síos ar a gogaidí os cionn sorn the adhmaid.

Istigh sa naprún sin a d'iompair sí brosna isteach sa chistin ón iothlainn. As an gharraí a cuireadh achan chineál glasraí ann.
Agus nuair a baineadh na faighneoga de na piseanna, thugadh bean an tí na cochaill chaite amach arís ina naprún.

San fhómhar bheireadh sí na húlla a thit anuas ó na crainn isteach sa chistin ina naprún.

Nuair a thagadh cuairteoirí chun tí gan choinne, ní chreidfeá an líon troscáin a nglanadh an naprún sin an dusta de taobh istigh de chúpla soicind.

Nuair a bhí an dinnéar réidh, shiúladh Mhóraí amach an doras, chroitheadh sí a naprún san aer agus thug sin le fios do na fir a bhí ag obair sna cuibhrinn go raibh am dinnéir ann.

Is fada go mbeidh a leithéid arís ann -
Sean-naprún ar bhain na mná a oiread sin feidhme as ar an oiread sin dóigheanna

Cuimhnigh air seo:

Ba ghnách le Mhóraí an t-arán te a fhágáil ar leac na fuinneoige le go bhfuaraíodh sé nuair a thóg sí amach as an oighean é.
Fágann a gariníonacha an t-arán ar leac na fuinneoige le go leáfadh sé nuair a thógtar amach as an reoiteoir é !

Bheadh uafás ar na gariníonacha céanna ag smaoineamh dóibh ar na frídíní uilig ar an sean-naprún céanna!

Chan ábhar aicide a bhí ann dar liomsa, ach cion agus grá .....

Sunday 1 April 2012

Tógáil clainne gan Ghaeilge ... an grá is an crá !

Ar an drochuair níor éirigh liom clann a thógáil le Gaeilge. Cha raibh fadhb ar bith leis an chéad duine clainne a rugadh dúinn breis is 30 bliain ó shin ach nuair a saolaíodh ár nighean 3 bl ina dhiaidh sin, ba léir do na cuairteoirí sláinte go raibh rud éigin ag cur isteach ar luth na héisteachta aici. Bhídís iontach géar san am sin agus ghéill mise don bhrú a chuir bean amháin ach go háirithe orm. Ghlac mé lena comhairlese mar trí bliana roimhe sin chuir sí de stró uirthi féin theacht a fhoghlaim na Gaeilge agamsa nuair a bhí mo mhac 3 mhí d’aois. Chomhairligh sí dúinn gurbh fhéidir go bhfágfaí ár nighean bodhar mura mbeadh na saineolaithe ábalta méid na faidhbe a aimsiú. Ghlac mé leis an Bhéarla sa teach ar mhaithe le sláinte m’iníne. Ag an am sin chonacthas domh gur thábhachtaí sláinte mo linbh thar rud ar bith eile ar an tsaol. Cha dtáinig malartú intinne orm ó shin.
D’imigh sin is tháinig seo. Fuarthas leigheas di agus nuair a tháinig an tríú duine seacht mbliana ina dhiaidh sin (i ndiaidh domh seisear eile a chailleadh), char thábhachtai a dhath ná go bhfanfadh an bhean bheag sin beo gídh nach raibh sí ábalta an bainne a choinneáil istigh mar thoradh ar í bheith iontach tinn.
Char fhoghlaim m’fhear an Ghaeilge ariamh …  níor thit sé riamh i ngrá léi ... agus is minic mé iontach míshásta faoi sin. Ach i ndeireadh na dála tuigim go rímhaith nach mbeadh na Gaeilgeoirí ar fhoghlaim mé an teanga dóibh agus ar spreag mé grá don teangan iontu ann gan mo chéile fanacht sa teach san oíche ag tabhairt aire do na páistí is ag ligint domhsa dul amach a theagasc na Gaeilge le breis is tríocha bliain.
Bíonn a cheol féin ag achan éan !!

Hodiaki Beag

Hodiaki Beag

’Scrúdú beag anois ar stair Mheiriceá’ arsa an múinteoir.

Cé dúirt 'Scaoil saor mé nó cuir chun bais mé?’

Os a comhair amach chonaic sí dreach an aineolais ar a cuid scoláirí ach chuir gasúr beag amháin a lámh in airde … Hodiaki beag, Seapánach beag cliste a bhí ina scoláire eachtrannach ar an scoil ar feadh cúpla mí:

Ar seisean: Patrick Henry, 1775.

'Iontach maith” a d’fhreagair an múinteoir!

Ansin chuir sí an dara ceist: Cé a dúirt ‘Ní dhíbreofar rialtas an phobail más ar mhaithe leis an phobal é?’

Arís cha raibh freagra ar bith ón rang ach ó Hodiaki beag: ‘Abraham Lincoln,
1863.’

”Ar fheabhas!” ars an múinteoir “Anois ceist níos deacra ná sin ...”

Cé a dúirt – “Ná fiafraigh díot féin cad é an mhaith domhsa mo thír dúchais ach fiafraigh cad é an mhaith do mo thír dúchais mise?

Arís d’ardaigh Hodiaki a lámh agus ar seisean: ‘John F.Kennedy, 1961’

Labhair an múinteoir leis an rang go míshásta:

”A pháistí, is mór an chúis náire daoibh é seo! Tá níos mó eolais ag Hodiaki beag faoi stair na tíre seo ná mar atá agaibhse agus níor rugadh sa tír seo é! “

Leis sin chuala sí cogar:  F*c na Seáip!

Arsa an múinteoir go feargach: “Cé dúirt sin? Tá mé ag iarraidh freagra anois!”

Chuir Hodiaki beag a lámh in airde: ‘General MacArthur, 1945.’

Go díreach ansin, arsa scoláire i gcúl an ranga: ‘Yuk ! Tá mé ag dul a chaitheamh aníos.’

Bhí an múinteoir ar deargbhuile faoin am seo agus ar sise: ‘Ceart go leor! Ceart go leor! Cé dúirt sin!?’

D’ardaigh Hodiaki beag a lámh is dúirt: ‘George Bush le Taoiseach na Seapáine sa bhliain 1991.’
Ar an toirt léim buachaill eile ina sheasamh is scread in airde a ghutha “A shúmaire!”

D’éirigh Hodiaki beag aníos as a chathaoir ag croitheadh a láimhe leis an mhúinteoir is scairt sé amach “Bill Clinton le Monica Lewinsky, 1997!”

Faoin am seo agus buile na mire ar an rang, arsa scoláire tógtha eile: ‘A lúdrámáin! Má deir tú a dhath eile, maróidh me thú!’

Arsa Hodiaki beag os ard:

’Michael Jackson leis an fhinné óg a bhí ag tabhairt fianaise ina éadán, 2004.’

Leis sin, thit an múinteoir i laige.

Chuaigh an rang i bhfochair thart uirthi is dúirt duine amháin a bhí scanraithe:

’Ó a Dhia! Táimid focáilte!’

Arsa Hodiaki beag os íseal: ‘Foireann rugbaí na hAstráile, 2011.'

Ré na seanfhocal reaite?

Tá ardmheas againne Gaeil ar ár gcuid seanfhocal. Is grá linne iad … go háirithe iad siúd inár measc a bhfuil deich mbliana is scór saothraithe againn!
Bím páirteach sa ghrúpa sóisialta Gaelach “Gaeilge Amháin” ar an Idirlíon (1200+ ball) agus bíonn na seanfhocail in úsáid go flúirseach sna postálacha ansin gach lá. Déantar plé ar a mbrí agus bíonn cluichí seanfhocal againn go mion minic fiú!
Nuair a chuir mé ceist ar an ghrúpa seo le déanaí faoi thábhacht na seanfhocal ní raibh lá iontais orm go ndearnadh a n-úsáid agus a n-éifeacht a chosaint go daingean. Tugadh le fios go raibh an chraic, an scéalaíocht agus gaois le fáil iontu agus go mbaineann foghlaimeoirí na Gaeilge sult mór astu. Dar linn gur gné shuimiúil mhistéireach agus in amanna fhileata den teanga iad agus gurb iad croílár na Gaeilge iad mar gheall ar an tsaibhreas atá iontu.

Ach is gá glacadh leis gur sochaí uirbeach í Éire anois agus go bhfuil an teanga i gcuid mhór de na seanfhocail doiléir ag go leor daoine, go háirithe ag an aos óg. Mar shampla cá mhéad déagóir a thuigfeadh “Is é triall na gcearc ag dul go hAlbain é”? Deirtear an seanfhocal Ultach seo faoi dhuine a bheadh ag cinneadh i gcónaí ar rud éigin a dhéanamh is gan é a dhéanamh.
B’fhéidir gurbh fhearr a thuigfeadh déagóir “Tá a MP3 seinnte” in áit a phort bheith seinnte!!

Ansin smaoinigh ar na hathruithe a tháinig ar struchtúr na clainne le 50 bliain anuas. Bhí ré na seanfhocal ann sula dtáinig an léann mar is eol dúinne é ar an tsaol. “Ceapann an nath an ghaois agus cuimsíonn siad fios feasa an tsaoil taobh istigh de chnó beag cainte amháin” (Alan Titley) Ach mura mbíonn clanna na hÉireann ag caint is ag comhrá lena chéile mar a bhíodh, cad é mar is féidir leis an ghaois sin dul ó bhéal go béal?

Chomh maith leis sin, níl an t-údarás céanna is a bhíodh ag an Eaglais in Éirinn (dálta go leor tíortha eile) agus d’fhág sin a lorg ar chosmhuintir na tíre. Tá ciall eile anois le “Ná bí mór ná beag leis an chléir” cé go raibh an tseantuiscint ann riamh nár fhóir an aontumha do chách “Is é a leanbh féin a bhaisteas an sagart ar dtús”
Cé inár measc a thuigfeadh “Troscadh brónach ó Dhiardaoin go Domhnach” nuair is cosúil nár thuig duine ar bith riamh é? Deirtear gur imigh an troscadh seo ar theacht isteach don tsibhialtacht Ghallda!

Tháinig méadú iontach ar thionchar na teilifíse agus na Teicneolaíochta Faisnéise ar na mallaibh. Fágann sin gur lú leabhair a léitear agus gur beag an seans go dtiocfaidh an daonra ar sheanfhocail sa scríbhinn. Tá cumhacht ollmhór ag an teilifís ar chaint an aosa óig – go háirithe na cora cainte a thagann chucu as Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bíonn siad seo in úsáid go forleathan sa Bhéarla ach ní fhanann rud ar bith buan! Imíonn siad i ndiaidh cúpla mí agus tagann cora cainte nua ina n-áit. Níl fianaise ar bith ann go gcuireann Gaeilgeoirí óga leaganacha Gaeilge orthu seo.
Má tá muid ag súil le fás agus le forbairt na teanga, an dtugann sé seo mórán dóchais dúinn?

Measaim féin go bhfuil cuid de na cora cainte chomh tábhachtach inniu is a bhí siad riamh. Cuir i gcás
“Is minic a bhris béal duine a shrón”,
“Is binn béal ina thost”,
“Nuair a bhíonn an deoch istigh bíonn an chiall amuigh” nó
“Is mílis dá ól é ach is searbh dá íoc é!”
D’éirigh leis an domhan nua-aimseartha gan amhras ach tá gnéithe áirithe den tsaol a bheas ann go deo.

Ní feidir a rá áfach go gcuidíonn an t-oideachas foirmeálta leis na seanfhocail nó b’fhéidir leis an ghaois féin a chur i láthair na hóige. Níl foghlaim na seanfhocal ar shiollabas ar bith i gcuraclam na scoileanna agus fágtar sin faoi na múinteoirí féin faraoir. An míníonn seo
“Síleann an óige mar bíonn sí gan chiall
Go ndéantar a pósadh má phógtar a béal” ?

Tá sé ráite nach dtig ciall roimh aois agus is féidir gurb é sin an fáth a gcuireann daoine a d’fhág na fichidí ina ndiaidh an oiread sin sonraithe sna nathanna cainte agus sna seanfhocail. Is ionann an scéal ar fud na hEorpa – bíodh mórtheangacha nó mionteangacha i gceist. Agus bíonn na seanfhocail chéanna (nó ar a laghad leagan díobh) le fáil i gcuid mhór teangacha.

“Mejor solo que mal acompañado” atá sa Spáinnis, agus sa Ghaeilge
“Is fearr uaigneas fada ná droch-chuideachta”

“Coinnigh an drochdhuine leat is ní baol duit an duine maith” an chomhairle a thug Don Corleone dá mhac nuair a mhol sé  
“Keep your friends close and your enemies closer”

Is fearr a aithníonn cainteoirí dúchasacha na Gaeilge gur de dhlúth is d’inneach na teanga is ea na seanfhocail agus gurb iad croílár na teanga iad. Bhídís slán sa Ghaeltacht anallód mar ba iad teanga an tí iad agus d’fhoghlaimíodh gach glúin nua óna tuismitheoirí iad. Ach ní cainteoirí dúchasacha formhór na dtuismitheoirí atá ag tógáil clann le Gaeilge anois agus ní bhíodh na seanfhocail dhúchasacha le foghlaim acu agus iad óg. Murar thóg siad ar ranganna oíche nó ar scoil iad ní féidir leo na seanfhocail seo a chur i láthair a muiríní féin.

Ba mhór an trua gan saibhreas na teanga a thabhairt don aos óg le cur le fás agus le forbairt na Gaeilge. Tá fianaise ann nach bhfuil an mhaoin seo acu áfach mar ní bhíonn siad ag múnlú na Gaeilge mar a mhúnlaítear an Béarla. Ní dhéantar crot nua-aimseartha a chur ar na nathanna cainte seo is tá cuid mhór acu caillte dá dheasca sin. Níl duine ar bith ag cumadh “nua-fhocal”atá bríomhar, beacht, gaoiseach agus bunaithe ar shaibhreas na teanga le freastal ar riachtanais an chomhshaoil.

Ach tuigimid fírinne an natháin “Níl aon tóin tinn mar do thóin tinn féin.”

An fearr “an Ghaeilge bhriste ná an Béarla cliste” nuair atá leigheas ar an scéal? Nó an leor an Ghaeilge bhriste mar theanga le hanam na tíre a choinneáil slán?

An bhfuil aon nua-fhocal eile ann nó an gcruthófar fírinne an tseanfhocail eile sin - “Bainfidh an capall nó caillfidh sí an tsrian”?

Amhrán as Toraigh (Amhrán na Scadán)

Amhrán na Scadán ….. Oileán Thoraí  … Samhradh 1974 a fuair mé seo.

Is anois atá mé aosta, 's mé ag éirí lag breoite tinn.
Níl mé 'g dúil go brách le biseach 'fháil go sintear mé sa chill.
Ach bheirim altú do Dhia na glóire, mar chuir mé 'steach mo am
Ar chreag i lár na farraige i measc éanacha na mbeann.

Nuair a luímse ins an oíche bím ag smaointiú ar an iasc.
Nuair a éirímse ‘mach ar maidin bheirim rúide ‘dtí an bhinn,
Beidh na heanacha ‘cur pleisiúir orm ‘na suí i mbéal na bpoll,
‘s an pheist ag an Tor Dhearg ‘cur na scadán thar a droim

Nuair a shuímse cois na tine, bím ag smaointiú ar an am
A raibh mé féin 's mo churach bheag ag imeacht ar bharr na dtonn
'S gan eadar mé is an tsíoraíocht ach an t-éadach tána tarr,
Cosnadh gaoithe agus farraige i measc éanacha na mbeann.

Nach deas an rud na slanntracha bheith ‘soilsiú ar ár mbróig,
Gur fusa dúinn a bplúchadh ‘na choll ‘s iad a dhíol,
Caithfimid dul ‘a chainneal leo más olc nó maith an t-am
Áit a mbeidh lúcháir ar an cheannaí romhainn is buidéal dúinn den lionn.

Nuair a smaointím ar an eangaigh 's ar an bhád a mbíonn sí ann,
Smaointím ar na rámhaí's ar a mbuillí ins an toinn,
Smaointím ar an fhearthainn 's ar a tréine bíos an ghaoth
'S gach uair dar chroch mé an stiúir uirthi ‘s an helm ina cionn.


Scéal beag grinn don rang Gaeilge !

Mhúscail bean an tí i lár na hoíche is chonaic nach raibh a fear sa leaba.
Chuir sí uirthi a fallaing oíche is chuaigh síos an staighre ar a lorg.
Bhí sé ina shuí ag an tábla sa chistin ag ól cupán tae is ag stánadh go tostach smaointeach ar an bhalla.
Tháinig tocht uirthi nuair a thug sí faoi deara go raibh deora ina chuid súl.
Ar sise leis go séimh. “ Cad é tá ort a chuid ?”
D’amharc a fear síos ar an chupán tae is ar seisean gos íseal,
“Fiche bliain ón lá inniu a casadh ar a chéile sin an chéaduair”.

Tháinig gliondar ar chroí na mná mar níor thuig sí go dtí sin go raibh a oiread airde ag a céile uirthi is go gcuimhneodh sé ar a leithéid seo de dháta. Mhéadaigh an grá ina croí dó.
“An cuimhin leat an lá úd fiche bliain ó shin nuair a thosaíomar a shiúl amach le chéile?” ar sé. “ Bhí mise ocht mbliana déag is ní raibh tú féin ach sé bliana déag.”
“Is maith is cuimhin liom é cinnte a stór” a d’fhreagair sí ag druidim isteach gar dó. Nár lách is nár shéimh an fear seo a bhí aici !

Ní raibh na focail ag teacht go réidh lena fear mar gheall ar an tocht seo air ach lean sé leis.
“An cuimhin leat an t-am a dtáinig d’athair orainn nuair a bhíomar le chéile i gcúl an ghluaisteáin s’agam?”
“Is cuimhin liom” ar sise is shuigh sí síos ar an chathaoir taobh leis.
“An cuimhin leat nuair a bhrúigh sé an gunna gráin sin isteach ar m’aghaidh is a dúirt liom ‘ Tá rogha agat a mhic … pósfaidh tú mo nighean nó cuirfidh mé i bpríosún go cionn fiche bliain thú …’”
“Is cuimhin liom sin fosta” arsa a bhean os íseal.

Ghlan sé deoir ghoirt eile óna leiceann is dúirt léi,
“Bheinn ag teacht amach inniu ….. !!!! ”

Saturday 4 February 2012

Dán do Chlub Óige Rann na Feirste

Óige Rann na Feirste

Anois i lár an earraigh 
Is síneadh ar an lá
Thig lúcháir ar mo chroíse
tá an tír uilig faoi bhláth
Smaointím ar an óige
 is ar an aois a thig 'na diaidh
Mar imeoidh bláth na hóige 
Mar an sneachta ar an sceich.

Le haois a thig an ghaois 
De réir an natháin cainte
Leis an óige a bíos an bhaois 
Is iad ar lorg táinte.
Ach ní mar sin a bíos an saol
Abhus i Rann na Feirste,
Ins an Chlub Óige is beag an baol
Go gcaillfear dúchas ár sinsir.

Ní imeoidh an oidhreacht bheo
A d'fhág ár muintir againn
Beidh bród ar Ghaeil go deo
As beocht na gcuisle ionainn.
Idir ceol is craic is spraoi
Ní furast muid a chloí
Dóchas na hóige ar an ghaoth 
Is na seoda fágadh againn.

Tá an tír uilig faoi bhláth
Tá an Ghaeilge bhinn faoi rath
Ach is gá í a chumhdach is a chaomhnú,
fanfaidh an duilliúr ar gach craobh
Beidh uabhar ar gach taobh
Is nár mhaith an mhaise dúinne,
an óige,í a chaomhnú ?

Máire Burns