Sunday 1 January 2012

Amadán Mná ... Sea, MISE !!!

Níl a fhios agam an bhfuil mórán ban cosúil liomsa in bhur measc?
Tá mé millteánach i mbun cócaireachta agus ag ullmú bia.
Ar an ábhar mhaith ní gá domh cuid mhór cócaireachta a dhéanamh sa bhaile mar tá m'fhear céile, mo mhac agus duine de mo chuid iníonacha speisialta in a bun !
Bhuel bhí cuairteoirí ag teacht chun tí againn i ndiaidh na Nollag ... mo theaghlach féin as Ard Mhacha agus Béal Feirste agus bhí siad ag dúil go mór leis an bhéile iontach a ullmhaíonn fir an tí seo gach bliain dóibh.
Bhí an chraic is an chuideachta ar fheabhas agus iad uilig in a suí thart ar an tábla sa tseomra bia ag caint is ag comhrá ar theann a ndíchill.
Amach liom chuig an chistin mar bhí barúil agam go mbeadh cuidiú de dhíth ar na fir de thairbhe go raibh deichniúr ar fad againn ann. Ní thig liom a rá gur chuir siad fáilte mhór romham mar tá siad róchleachtaithe le mo chuid meancóg agus botún san earnáil sin !
Ní raibh le déanamh agam ach cúpla babhla anraith a thabhairt isteach sa tseomra eile ... ach rinne mé praiseach den jab beag sin !
In áit dhá bhabhla a thógáil, thóg mé triúr agus tharla an rud a mbeadh duine ar bith céillí ag dúil leis .... Dhóirt mé ceann acu tharam féin !
Níl mé gortaithe go holc ach tá mo chliabh dóite !
Chaith mé díom mo chulaith, chuir mé uisce fuar ar an áit dhóite agus buíochas le Dia ní dhearnadh aon dochar tromchúiseach.
Baineadh geit mhór asam,rud a mbeifeá ag dúil leis ach chuir mé gúna eile orm, chuir dath ar mo bhéal is isteach liom chuig mo chuid aíonna.
Níor thug siad rud ar bith faoi deara go cionn deich mbomaite nó mar sin go dtí gur tháinig crith i mo láimh ... frithghníomhaíocht mhoillithe is dóiche !!     

5 comments:

  1. b'fhearr duit fanacht glan amach ón vodka an chéad uair eile, a Mháire!

    ReplyDelete
  2. An rud ab fhearr a itheamarna i mbliana (seachas an turcaí) ná "Rósta Notaí Pistach agus Mónóg" le Seamus Mac Oilibhear no Jamie.;) Bhi se an blasta.

    Tá sé deacair go leor an teidil sin a aistriu...

    ReplyDelete
  3. bhal, níor thainig cuairteoirí ar bith chugainnse i mbliana agus ar bhealach bhí sé níos fusa mar sin; ní raibh aon chontúirt ann go ngortóinn mé féin, mar shampla...! ach ag an ám ceanna bhí orainn cuid mhór ama a chaitheamh ag tiomaint thall is abhus le haghaidh ár gcairde agus ár ngaollta a fheiceáíl.

    maith thú a mháire, agus go n-éirí le do bhlag!

    ian

    ReplyDelete
  4. Grma a chairde. Ní raibh braon ólta agam ... Geallaim daoibh !!

    ReplyDelete
  5. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete