Monday 21 January 2013

An Naprún


Creidim nach bhfuil páistí an lae inniu eolach ar an naprún a bhíodh ag achan bhean tí.

An phríomhchúis a gcaitheadh na mná an naprún ná an chulaith istigh faoi a chosaint agus a choinneáil glan. Is beag culaith a bhíodh ag na mná fadó!
Chomh maith leis sin, b'fhusa naprún ná culaith a ní is a thriomú agus ba lú éadach a bhí de dhíobháil le naprún a dhéanamh.
Chan amháin sin ach bhaineadh na mná feidhm as nuair a bhídís ag tógáil coire nó pota te ón tine ná ón oighean.

B'iontach an gléas é le deora goirt na leanaí a thriomú agus in uairibh ghlanadh máthair cluasa a cuid páistí amach lena naprún nuair a d'fheiceadh sí salachar na sráide ar iostas iontu !

Is minic a bhíodh uibheacha, sicíní fuadracha ná fiú uibheacha leathghortha isteach ina naprún léi ó chró na gcearc. Chuirtí an mhuintir leathghortha sin isteach tamall san oighean te lena dtabhairt chun aibíochta.

Nuair a thigeadh stráinséirí isteach sa chuideachta, ba mhaith an mhaise é foscadh an naprúin a bheith ag leanaí faiteacha an tí le dul i bhfolach ann ...

Agus nuair a bhíodh an aimsir fuar d'fháisceadh Mhóraí (Maimeo) a naprún thart ar a lámha fuara lena dtéamh.

Is minic a bhain na sean-naprúnacha móra sin an t-allas dá clár éadáin agus bean an tí cromtha síos ar a gogaidí os cionn sorn the adhmaid.

Istigh sa naprún sin a d'iompair sí brosna isteach sa chistin ón iothlainn. As an gharraí a cuireadh achan chineál glasraí ann.
Agus nuair a baineadh na faighneoga de na piseanna, thugadh bean an tí na cochaill chaite amach arís ina naprún.

San fhómhar bheireadh sí na húlla a thit anuas ó na crainn isteach sa chistin ina naprún.

Nuair a thagadh cuairteoirí chun tí gan choinne, ní chreidfeá an líon troscáin a nglanadh an naprún sin an dusta de taobh istigh de chúpla soicind.

Nuair a bhí an dinnéar réidh, shiúladh Mhóraí amach an doras, chroitheadh sí a naprún san aer agus thug sin le fios do na fir a bhí ag obair sna cuibhrinn go raibh am dinnéir ann.

Is fada go mbeidh a leithéid arís ann -
Sean-naprún ar bhain na mná a oiread sin feidhme as ar an oiread sin dóigheanna

Cuimhnigh air seo:

Ba ghnách le Mhóraí an t-arán te a fhágáil ar leac na fuinneoige le go bhfuaraíodh sé nuair a thóg sí amach as an oighean é.
Fágann a gariníonacha an t-arán ar leac na fuinneoige le go leáfadh sé nuair a thógtar amach as an reoiteoir é !

Bheadh uafás ar na gariníonacha céanna ag smaoineamh dóibh ar na frídíní uilig ar an sean-naprún céanna!

Chan ábhar aicide a bhí ann dar liomsa, ach cion agus grá .....

6 comments:

  1. Píosa deas. Tá cúpla naprún ag crochadh sa chistin againn ach is annamh in úsáid iad. Ó tháinig ann don inneall níocháin, níl an práinn céanna ag baint leo.

    ReplyDelete
  2. Sár-chuntas ar shuailcí an tsean-naprúin.

    ReplyDelete
  3. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete
  4. iasacht! iasacht! iasacht!
    An bhfuil tú ag lorg cuideachta iasachta príobháideach creidiúnaithe agus creidiúnaithe a sholáthraíonn iasachtaí don deis ar feadh an tsaoil. Cuirimid gach cineál iasachtaí ar fáil ar bhealach an-tapa agus éasca, iasachtaí pearsanta, iasachtaí gluaisteán, iasachtaí morgáiste, iasachtaí mac léinn, iasachtaí gnó, iasachtaí infheistíochta, comhdhlúthú fiach agus i bhfad níos mó. An ndearna bainc agus institiúidí airgeadais eile diúltú ort? An bhfuil iasacht comhdhlúthaithe nó morgáiste uait? Ná breathnú níos mó ar nós go bhfuil muid anseo chun rud ar bith a dhéanamh ar an am atá caite. Tugann muid cistí ar iasacht do dhaoine aonair agus do chuideachtaí a dteastaíonn cúnamh airgeadais de réir ráta 2%. Níl aon uimhir leasa shóisialaigh ag teastáil agus ní gá aon seiceáil creidmheasa, 100% a ráthú. Ba mhaith liom an meán seo a úsáid chun a chur in iúl duit go soláthróimid cúnamh iontaofa agus tacaíochta agus beidh áthas orainn iasacht a thairiscint duit.
    Ansin, cuir ríomhphost chugainn chuig: (victoriaemmanuelloan@gmail.com) chun iarratas a dhéanamh ar iasacht

    ReplyDelete
  5. Dia duit, Nira is ainm dom. Bhí mé i gcaidreamh le Anderson ar feadh na mblianta, ach bhris sé suas liom. Rinne mé gach rud a d'fhéadfainn é a fháil ar ais, ach bhí sé ar fad in vain. Theastaigh uaim ar ais go mór é mar gheall ar an ngrá atá agam dó. D'impigh mé air le gach rud, rinne gealltanais, ach dhiúltaigh sé. Mhínigh mé mo fhadhb do mo chara, agus mhol sí dom dul i dteagmháil le caster litrithe a d'fhéadfadh cabhrú liom seal a chaitheamh chun é a thabhairt ar ais. Cé nár chreid mé riamh i geasa, ní raibh aon rogha eile agam ach é a thriail. Mar sin chuir mé ríomhphost chuig an caster litrithe, agus dhearbhaigh sé dom go mbeadh gach rud go breá i dtrí lá, agus go dtiocfadh mo shean-duine ar ais chugam. Ionadh, tharla sé ar an dara lá timpeall 4 pm. Ghlaoigh mo sheanfhear orm, ghabh sé leithscéal as gach rud, agus dúirt go raibh sé ag iarraidh filleadh orm mar go raibh an oiread sin grá aige dom. Bhí mé chomh sásta agus chuaigh mé ar ais chuige. Thosaigh muid ag maireachtáil le chéile go sona sásta arís. Gheall mé d'aon duine a bhfuil aithne agam air a bhfuil fadhb caidrimh acu go ndéanfainn iad a tharchur chuig an té a bhí fíor agus cumhachtach amháin a chuidigh liom le m'fhadhb. Má theastaíonn a chabhair uait, is féidir leat ríomhphost a chur chuige ag babawalewiseman01@gmail.com Cuireann sé cineálacha éagsúla geasa ar fáil, lena n-áirítear geasa grá, geasa grá caillte, geasa colscartha, geasa pósta, geasa ceangailteach, geasa a bhriseadh, cosc a chur ar ghaolta ón am atá thart. , geasa cur chun cinn oibre, geasa sásaimh, agus leigheas ar aon ghalar atá ort. Déan teagmháil leis chun réiteach buan a fháil ar aon fhadhb a d’fhéadfadh a bheith agat.
    via babawalewiseman01@gmail.com WhatsApp +2348136951551 viber: 2348136951551

    ReplyDelete