Wednesday, 28 December 2011

Agallamh ar Radio Uladh

Bhí mé ag éisteacht le "Blas" ar Radio Uladh anocht agus bhí Laoise Nic Rís ag cur agallaimh ar Mháire Mhac an tSaoi faoina cuid filíochta.
Ba é an rud a ba mhó a chuir isteach orm ná a laghad de chaint an fhile a thuig mé, go háirid ag an tús sula raibh faill agam theacht isteach ar a canúint.
Is iomaí uair a léigh mé filíocht na mná seo ach ba í an oíche anocht an chéad uair a chuala mé a glór. Ba dhoiléir agus ba dhoiligh liom an chanúint.
Thaitin go leor dár thuig mé liom agus bhí rud amháin iontach spéisiúil le rá aici mar fhreagra ar cheist a cuireadh faoi ról na mban sa tsochaí chomhaimseartha. 
Dúirt an file gur chreid sí gur deacra i bhfad an saol ag mná na linne seo ná ariamh, go háirithe ag mná den "mheánaicme" a raibh cúram clainne is tí orthu maraon le cúraim phoist nö slí bheatha.

An raibh duine ar bith eile ag éisteacht leis an agallamh?

Sunday, 11 December 2011

Diabhlaíocht !

Tá beirt nighean againn. Is duine galánta séimh módhúil an cailín is sine atá le pósadh agus is soibeáltán lán diabhlaíochta an bhean bheag eile !
Chuaigh mé féin is "an bhrídeog" go Béal Feirste inniu le caille a fháil le haghaidh an lá mhóir ! Ar theacht amach as an siopa sin dúinn, dúirt mé léi gur mhaith liom dul isteach in La Senza, siopa snasta 'lingerie' mar is eol do na mná! 
Ar lorg éadaí faoi mo choinne féin a bhí mé is thóg mé cúpla airteagal le comhairle mo nighine a iarraidh.
"Bhuel cad é meas tú faoin mhuintir seo?" a d'fhiafair mé dí
"A Mhamaí" ar sí agus a haghaidh bhocht chomh dearg le fuil, "Dúirt Órlaith liom go raibh rún agat seo a dhéanamh ach b'fhearr liom mo chuid féin a cheannach GAN mo mháthair bheith in mo chuideachta !!!"
Bhí Órlaith i ndîaidh a rá léi "go ndúirt Mamaí go raibh nós in Éirinn go dtoghann máthair na brídeoige an lingerie do mhí na meala !!"
An créatúr bocht ... Bhí an oiread sin cotaidh uirthi go raibh sí náiriste.
Muirbhfidh mé an bhean eile nuair a gheobhaidh mé greim uirthi !!

Sé do Bheatha !

Dia duit
Is mise Máire Burns agus beidh mé ag postáil anseo i nGaeilge ar bhonn rialta as seo amach le cuidiú Dé.
Má tá tú ag foghlaim na Gaeilge tá súil agam go mbeidh seo ina chuidiú agat !
Má tá neart Gaeilge agat cheana féin, bain sult as an bhlag seo ... cur síos a bheas anseo ar na rudaí a bhfuil suim agam féin iontu maraon le scéalta beaga éadroma !
Seo an chéad uair domh bheith ag scríobh blag mar seo.
Bím ag cur postálacha ar an suíomh Facebook "Gaeilge Amháin" go minic agus muna bhfuil tú i do bhall den ghrúpa iontach sin cheana, tabhair spléachadh air ... bainfidh tú sult as an ghreann is as an chuideachta ansin !!

Slán go fóill !