Cuireann Brídanna Ní Bhaoill as Rann na Feirste tús leis an chomhrá:
Gabhaigì ar bhuir gluine agus foscloidh bhuir suile agus ligì isteach brid beannaithe. Se beatha se beatha na mna usail. Beannachtai oìche fhéile bhrìde oraibh ar fad a chairdre ga ò RnaF
Máire Burns Grma a Bhrídanna ... Féile Bhríde, Muire na nGael ... Tús an earraigh !
Póilín Uí Ghallachóir Scairt muid an chapóg níos luaithe, tá na crosa déanta agus na bruitíní ite, agus brat Bhríde amuigh go maidin!
Máire Burns Inis dúinn faoin chapóg is na bruitíní a Phóilín. níl sin againn sa dúiche seo.
Bridanna Ni Bhaoill Galànta a chairdre is maith na sean noiseanna a bheadh beo. An rud ceannra dèanta againn in RnaF. Bronadh an onoir orm turas na fèile bhrìde a stiuradh sa áislann anocht agus brat brìde a bhronadh ar gach dune
Bridanna Ni Bhaoill An nois ata seo na duine eigin a g thart ar teach agus baill eadaigh a bheadh leis agus bratóg bhrìde agus na focail shuas a ra. Bruitni a dhéanamh agus ime a chuir iontu agus bainne
thart ar uair ó shin trí fón póca · Is maith liom é seo
Póilín Uí Ghallachóir Bean a dhéanann turas Bhríde thart ar an teach, agus ansin buailtear cnag ar an doras, agus deirtear an paidir atá luaite ag BA thuas, déantar seo trí iarraidh, agus líon na ndaoine istigh ag freagairt an phaidir. Ansin tabharfar capóg fiastalach (na luachraí) chun tí agus cuirtear tús le crosóga Bhríde a dhéanamh. Bíonn pota mór bruitiní réidh le im agus bainne mar ghréim ina dhiaidh, oíche dheas thraidisúnta agus is deas na sean nósanna a choinneáil beo!
49 nóiméad ó shin · Ní maith liom é a thuilleadh · 3
Máire Burns Tá sin ar dóigh a Phóilín. Chuala méviomrá ar an tsean-nós seo istigh in dToraigh. Maith sibh atá a choinneáil beo !
29 nóiméad ó shin trí fón póca · Is maith liom é seo · 3
Póilín Uí Ghallachóir An phaidir a scairtear anseo na ' Gabhaigí ar bhur nglúine, Osclaígí bhur súile, Cuirigí amach an teagasc, Ligigí isteach Bríd bheannaithe.
25 nóiméad ó shin · Is maith liom é seo · 1
Póilín Uí Ghallachóir An freagair céanna atá ag Brídanna, níl a fhios agam ce acú a bhfuil an giota sin, 'cuirigí amach an teagasc' ag an éinne eile, nó ar chuala sibh iomra faoi?? ach seo an rud ata coitianta i dToraigh. Is é an chiall atá leis measaim ná an scéala creidimh a scaipeadh ' an teagasc a chur amach'
20 nóiméad ó shin · Ní maith liom é a thuilleadh · 2
Tuesday, 31 January 2012
Lá Fhéile Bhríde
Seo cur síos ar cheiliúradh a rinneadh anocht, oíche na Féile Bríde ó Phóilín Uí Ghallachair, bean óg de bhunadh Oileán Toraí atá pósta is ag tógáil clainne ar an Tearmann i dTír Chonaill. Chuala mé na seandaoine istigh in dToraigh ag trácht ar an nós seo nuair a chaithinn seal ama in dToraigh daichead bliain ó shin !
Bean a dhéanann turas Bhríde thart ar an teach, agus ansin buailtear cnag ar an doras, agus deirtear an paidir atá luaite ag BA thuas, déantar seo trí iarraidh, agus líon na ndaoine istigh ag freagairt an phaidir. Ansin tabharfar capóg fiastalach (na luachraí) chun tí agus cuirtear tús le crosóga Bhríde a dhéanamh. Bíonn pota mór bruitiní réidh le im agus bainne mar ghréim ina dhiaidh, oíche dheas thraidisúnta agus is deas na sean nósanna a choinneáil beo!
Is deas cinnte a Phóilín. Molaim go mór sibh !

Monday, 30 January 2012
Friday, 27 January 2012
Díchuimhne ... Beannachtaí Breithlae
Díchuimhne
Beir mo bheannacht anonn 'na síoraíochta
chuig mo mháthair atá in d'ucht a Thiarna,
mar is mór a áirím uaim inniu í.
Ba í a roinn a dúchas go flaithiúil,
A ciall, a tuigse is a grá go fairsing
Linne, a clann is i measc an phobail.
Cúig bliana is ochtó a bheadh sí inniu
dá mairfeadh sí, ach níorbh 'sin a dán
Meascán mearaí a tháinig i bhfaiteadh na súl
iar fhreagra ar a ceist go raibh sé ar shiúl.
D'fhág an chaill sin a lorg ar intinn mhná
a bhíodh céillí, daingean, láidir.
Aisteach an dóigh ar imigh an chiall
nuair a d'imigh do chéadsearc a stór.
Gan do ghrá geal, do lámh chlé,
níor leor duit do chlann.
Faraor,
Ach ba é sin do dhán.
'do shuí ar mo ghlúin
ag iarraidh scéil ar do mháthair,
gan trácht ar m'athair
ar fhág a bhás cráite thú,
Is mo chroí briste brúite
Lán bróin agus cumhaidhe
I ndiaidh bhur mbeirte.

Monday, 23 January 2012
Ar ais arís ar scoil !
Chaith mé breis is tríocha bliain de mo shaol ag teagasc na Gaeilge in ardscoil i gCo an Dúin. Buachaillí sna déaga a bhí agam ó bhí siad bliain déag d'aois go dtí gur bhain siad ocht mbliana déag d'aois amach. Bhíodh corrchailín sna ranganna Ard-Léibhéil ach den chuid a ba mhó ba iad na buachaillí a bhíodh mar chúram orm.
Bhí mo chroí istigh i mo chuid oibre agus nuair a d'éirigh mé as an teagasc sé bliana ó shin d'áirigh mé go mór uaim na stócaigh sin.
Iarradh orm dul i bhfeighil na scrúduithe Boird sa scoil chéanna an mhí seo. Bhí mé measartha néirbhíseach mar thuig mé go raibh mé ar shiúl tamall fada agus bhí imní orm nach mbeadh an chomhbhá chéanna agam leis na páistí agus a bhíodh. Níor chall domh bheith imníoch áfach !
"Háigh Miss ,'dé mar tá tú?"
"Háigh Miss, fáilte ar ais ! "
"Háigh Miss, an mbeidh an rang s'againne agat?"
"Dia duit Miss! Is cuimhin liom nuair a bhí mise chomh beag leatsa ! Fáilte!"
Ach chuir dhá fhorrán go speisialta lúcháir ar leith orm :
"Háigh Miss, chrothnaigh muid thú ó d'imigh tú. Bhuel chrothnaigh muid do chuid scéalta !!" agus
"Miss, 'bhfuil tusa ceart go leor? D'éirigh tú iontach tanaí!"
A leithéid d'fháilte a chuirtear romham gach lá, cuireann sé gliondar ar mo chroí. Is breá liom a dhírí a bhíonn an taos óg! Ní chuireann siad fiacal ann!
Bíonn thart fá chéad scoláire ag déanamh scrúduithe sa halla mór agam agus ní bhíonn smid astu. Na cailíní nach raibh aithne acu orm nó nach raibh cleachtaithe liom, ní raibh siad i bhfad ag foghlaim nach nglacaim le hamaidî ar bith a dhéanfadh fáillí i scoláirí eile a bhíonn i mbun scrúdaithe.
Caithfidh mé a admháil gur fearr liom scaifte buachaillí os mo chomhair amach ná scaifte cailíní. Is taomaí agus is taghdaî iad na mná de ghnách agus bíonn nós ag cuid de na cailíní glacadh le ceartú ar bith go ríphearsanta! Ach tá go leor atá céillí go leor ar ndóigh agus ní miste iad sin !
Beidh mo sháith cumha orm an tseachtain seo chugainn nuair a bheidh deireadh leis an bhabhta seo scrúduithe. Ach beidh mé ar ais arís i mí na Bealtaine go cionn roinnt seachtainí eile is beidh mé ag dúil go mór leis sin.

Friday, 20 January 2012
An tSeanbhean Bhocht !!
Scéal beag grinn ... Do dhaoine fásta !!!
An Dlíodóir:
Cén aois thú a bhean uasal?
An tseanbhean:
Tá mé 94 bl d'aois.
An Dlíodóir:
Ar mhiste leat a chur síos dúinn ar ar tharla duit oíche 1 Aibreân i mbliana?
An tseanbhean:
Seo an dóigh a raibh sé ! Bhí mé i mo shuí sa phóirse ag cúl an tí an tráthnóna deas earraigh sin nuair a tháinig glas-stócach aníos as an gharraí a fhad liom. Shuigh sé síos taobh liom.
An Dlíodóir:
An raibh aithne agat ar an stócach seo?
An tseanbhean:
Ní raibh, ach stócach cairdiúil lách galánta a bhí ann cinnte.
An Dlíodóir:
Cad é tharla i ndiaidh dó suí síos?
An tseanbhean:
Thosaigh sé a stróiceadh na másaí orm.
An Dlíodóir:
Ar chuir tú stad leis?
An tseanbhean:
Maise, níor chuir.
An Dlíodóir:
Cad chuige sin?
An tseanbhean:
De bhrí gur thaitin sé go mór liom. Níor leag fear ar bith lámh orm ó fuair Liam s'agamsa bás 30 bl ó shin!
An Dlíodóir:
Cad a tharla ansin?
An tseanbhean:
Chuir sé a lámha ar mo bhrollach is ar fhad mo cholainne.
An Dlíodóir:
Ar chuir tú stad leis ansin?
An tseanbhean:
Níor chuir.
An Dlíodóir:
Cad chuige sin?
An tseanbhean:
Chuir an chuimilt sin brí agus beocht ionam. Is fada an lá ó bhí a leithéid sin de phreabadh i mo chuisle.
An Dlíodóir:
Tuigim. Agus cad a tharla ansin?
An tseanbhean:
Bhuel faoin am sin bhí a oiread sin "díth" orm gur luigh mé síos ar shlat mo dhroma is arsa mise leis "Déan é a stócaigh! Déan anois é!"
An Dlíodóir:
Agus an ndearna sé ansin é?
An tseanbhean:
Faraor ní dhearna. Cha dtearn sé ach scairtigh amach "Amadán an Aibreáin! Hee! Hee!"
Agus sin an chuige ar scaoil mé marbh é, an bithiúnach bradach. Droch-chríoch air! Foghlaimeoidh sin ceacht dó !!

Sunday, 15 January 2012
An tSeanbhean Searbh
Bhíodh scéal ag mo mháthair faoi sheanaintín dá cuid i dTír Chonaill a raibh de mhí-ádh uirthi cathaoir rotha a úsáid nuair a chaill sí luth na gcos.
Bhí sí sean agus cantalach roimhe sin agus ba sine is ba mhíle uair ní ba chantalaí ina dhiaidh sin í.
Choinníodh sí doras an tí oscailte lá samhraidh is shuíodh sí ina cathaoir rotha ag an tairseach ag amharc amach agus ag coinneáil súil ghéar ar a comharsana.
Bhí a cuid iníonacha uilig pósta agus ar shiúl ach bhí a haonmhac fágtha sa bhaile lena mháthair. Ní raibh aici ach é mar bhí a fear féin marbh le fada.
Fear dóighiúil lách a bhí sa mhac seo agus ní bhíodh trioblóid ar bith aige bean a fháil am ar bith a mbíodh na cúrsaí sin ar a intinn.
Bhí bean óg sa pharóiste a raibh a croí dóirte ann agus ba mhaith léi riamh seal cainte bheith aici leis.
Théadh sí siar an bealach achan lá ag dúil le go leagadh sí súil ar a "céadsearc" agus mura mbíodh sé le feiceáil, d'amharcadh sí isteach sa teach ag dúil le go bhfaigheadh sí spléachadh air.
Ach cé a bhíodh sa teach roimpi de ghnách ach an tseanbhean searbh ...
Agus seo an forrán a chuireadh sí sin ar an bhean óg mura mbíodh a mac ar na gaobhair,
"Is maith an mhaise duit breathnú isteach mar go deo na ndeor ní bhreathnóidh tú amach !!!"
Ba mhór an trua í an tseanbhean sin !!!

Wednesday, 4 January 2012
Réiteach na Seanfhaidhbe !
Mo leithscéal nach raibh mé ag scríobh anseo le lá nó dhó.
Tá mé i mbun stáidéir mar tá cúpla scrúdú le déanamh agam taobh istigh de chúpla seachtain agus níl mé réidh faraor faoina gcoinne go fóill !!
Seo scéal grinn a chuir mé i gcló ar an leathanach FB "Gaeilge Amháin" ag deireadh mhí Iúil.
Bhí dúil ag go leor daoine ann mar scéal agus mura bhfuil sé léite agat, seo arís é !
Caithfidh mé a rá nach dtuigim do bhean an fhir mheánaosta ar chor ar bith ...... Hee !! Hee !!!!

Tá beirt fhear pósta, fear meánaosta agus an duine eile óg, amuigh ag ól.
Arsa an fear óg lena chara, “Ní féidir liom sleamhnú isteach sa teach i ndiaidh domh bheith amuigh ag ól. Thriail mé achan rud. Múchaim soilse an ghluaisteáin sula dtéim isteach i gcabhsa an tí. Stadaim an t-inneall agus ligim don charr bogadh ar aghaidh as a stuaim féin chuig an gharáiste. Bainim díom na bróga agus téim suas an staighre gan oiread is tormán a dhéanamh. Bainim díom mo chuid éadaigh sa seomra folctha fiú. Déanaim achan rud chomh ciúin faicheallach sin ... ach is cuma ! Músclaíonn mo bheansa agus tugann sí amach domh rud bocht fá bheith amuigh go mall san oíche!”
‘Sé an freagra a thug a chara air ná
“Seo duit comhairle do leasa a mhic. Déan thusa an rud a ghním féin. Téim isteach go callánach chuig cabhsa an tí. Druidim doras an tí de phlab. Suas an staighre liom ar mo sheanléim, caithim na bróga isteach sa chófra agus isteach sa leaba liom taobh le mo bhean.
Brúim isteach in aice léi is mo lámh thart uirthi agus arsa mise léi go grámhar,
'Bhuel a stór, an bhfuil fonn suirí ort ?'
Ligeann sí uirthi i gcónaí go bhfuil sí ina codladh sámh !!”
Monday, 2 January 2012
As Béal Feirste ó dhúchas mé féin agus tá cónaí orm i Sabhall in aice le Dún Pádraig le fiche bliain.
Ceantar álainn stairiúil inar bhunaigh Naomh Pádraig a chéad eaglais é seo is tá iarsmaí Chill Naoimh Tassach (anamchara Phádraig) taobh linn anseo. Os comhair an tí tá Loch Cuan ag síneadh ó thuaidh i dtreo Bhéal Feirste agus Leithinis na n-Airdí thiar ó thuaidh uainn. Tá an Mhuir Éireannach le feiceáil thiar i dtreo Chríoch Mhanann agus is féidir linn an t-oileán seo a fheiceáil lá nach mbíonn fearthainn ná ceobhrán ann.
Ar chúl an tí tá cnoc mór ar a dtugtar An Caorán Bán ar a bhfuil carn ársa ollmhór ar a bharr.
Tá neart Gaeilge fán dúiche seo agus rugadh an scríbhneoir iomráiteach Gaeilge, Máire Nic Mhaoláin céad slat ó mo theach féin.
Tugtar Ceathrú Uí Chearbhalláin nó Ceathrú Cairlinne ar an bhaile fearainn seo agus Baile an tSléibhe ar an cheann in aice linn. Míle thuas an bóthar tá an sráidbhaile Ráth Cholpa suite agus dá bhfeicfeá an ráth sin !!!
Tá dealbh mhór den naomh clúiteach a bhfuil baint mhór aige leis an cheantar seo ar mhullach an rátha agus bíonn oilithreacht ann achan bhliain. Thig na sluaite ó chian is ó chóngar le haghaidh an Aifrinn a léitear ann.
Idir óg agus aosta, fhir agus mhná, siúlann siad suas an fhána ghéar an triú Domhnach de mhí Mheithimh achan bhliain le hadhradh a dhéanamh agus le cuimhneamh ar Naomh Pádraig.
Ach is léir agus tú ar mhullach an rátha ag amharc uait in achan aird gur mórlonnaíocht de chuid na hIarannaoise a bhí ann ... agus is dóiche go raibh daoine ann níba luaithe ná sin.

Áit iontach ... áit uaigneach ... áit rúndiamhair !!
Sunday, 1 January 2012
Amadán Mná ... Sea, MISE !!!
Níl a fhios agam an bhfuil mórán ban cosúil liomsa in bhur measc?
Tá mé millteánach i mbun cócaireachta agus ag ullmú bia.
Ar an ábhar mhaith ní gá domh cuid mhór cócaireachta a dhéanamh sa bhaile mar tá m'fhear céile, mo mhac agus duine de mo chuid iníonacha speisialta in a bun !
Bhuel bhí cuairteoirí ag teacht chun tí againn i ndiaidh na Nollag ... mo theaghlach féin as Ard Mhacha agus Béal Feirste agus bhí siad ag dúil go mór leis an bhéile iontach a ullmhaíonn fir an tí seo gach bliain dóibh.
Bhí an chraic is an chuideachta ar fheabhas agus iad uilig in a suí thart ar an tábla sa tseomra bia ag caint is ag comhrá ar theann a ndíchill.
Amach liom chuig an chistin mar bhí barúil agam go mbeadh cuidiú de dhíth ar na fir de thairbhe go raibh deichniúr ar fad againn ann. Ní thig liom a rá gur chuir siad fáilte mhór romham mar tá siad róchleachtaithe le mo chuid meancóg agus botún san earnáil sin !
Ní raibh le déanamh agam ach cúpla babhla anraith a thabhairt isteach sa tseomra eile ... ach rinne mé praiseach den jab beag sin !
In áit dhá bhabhla a thógáil, thóg mé triúr agus tharla an rud a mbeadh duine ar bith céillí ag dúil leis .... Dhóirt mé ceann acu tharam féin !
Níl mé gortaithe go holc ach tá mo chliabh dóite !
Chaith mé díom mo chulaith, chuir mé uisce fuar ar an áit dhóite agus buíochas le Dia ní dhearnadh aon dochar tromchúiseach.
Baineadh geit mhór asam,rud a mbeifeá ag dúil leis ach chuir mé gúna eile orm, chuir dath ar mo bhéal is isteach liom chuig mo chuid aíonna.
Níor thug siad rud ar bith faoi deara go cionn deich mbomaite nó mar sin go dtí gur tháinig crith i mo láimh ... frithghníomhaíocht mhoillithe is dóiche !!

Beannachtaí na Bliana Úire do mo chairde ar GA ar Facebook
Beannachtaí na Bliana Úire do mo chairde go léir in Gaeilge Amháin
Go raibh an saol ar do thoil agat
An grá ina rabharta agat
An buaireamh ina thráigh agat
Do chéadsearc 'do leaba agat,
Sláinte is beatha agat
Aoibhneas cheithre ráithe agat
Dea-mhéin go deo ort
Beannacht na bliana úir' ort
Urnaí agus guí
Go mbeirimid beo ag an am seo arís !
Go raibh an saol ar do thoil agat
An grá ina rabharta agat
An buaireamh ina thráigh agat
Do chéadsearc 'do leaba agat,
Sláinte is beatha agat
Aoibhneas cheithre ráithe agat
Dea-mhéin go deo ort
Beannacht na bliana úir' ort
Urnaí agus guí
Go mbeirimid beo ag an am seo arís !
Subscribe to:
Posts (Atom)